isteach
(Adv Dir)

Nuair a bhain an chéad cheann thosaigh an fraoch ag feo; leis an dara ceann tháinig dath donn ar an bhféar; leis an tríú ceann tháinig teas isteach sna crainn agus sna coillte; leis an gceathrú ceann d'éirigh deatach ó na crainn; leis an gcúigiú ceann tháinig dath na fola ar an dúiche; leis an séú ceann spréach ach leis an seachtú ceann bhí an lasóg sa bharrach ó cheann ceann na háite. 🔊

Dream a tháinig ó íochtar na farraige isteach ba ea na Fothmhuireáin agus dheinidís creach agus círéib ar thailte na hÉireann. 🔊

Mar ba dhual lean Balor air lena chreacha agus thógadh ainmhithe agus sclábhaithe ón mórthír isteach go Toraigh. 🔊

Thug Mac Ceannfhaola an bhó do Mhac Sambthainn fad a bhí féin ag dul isteach sa cheárta. 🔊

D'iompaigh é féin isteach ina stócach deas rua agus chuaigh chun cainte le Mac Sambthainn. 🔊

D'fhág an rópa leis an stócach agus isteach leis sa cheárta. 🔊

Port na Glaise Poirtín Ghlais atá fós ar an bport inar tugadh an bhó isteach ar an oileán. 🔊

Lena seo a dhéanamh ghléas Mac Ceannfhaola suas mar ghirseach agus d'ardaigh é i mbéal stoirme agus isteach go dtí an Túr Mór áit a raibh iníon Bhalor, Ethniú, ag cur fúithi. 🔊

D'éiligh Birage cead isteach a go raibh bean uasal aici a shabháil ó fhathach mór a bhí á fuadach. 🔊

Bhí eagla ar na buimí an t-eiteach a thabhairt do bhean de mhuintir na agus scaoileadh isteach iad. 🔊

Ceanglaíodh isteach i mbraillín iad agus tugadh iad go poll súraic amach ón chósta faoi mar a d'ordaigh Balor. 🔊

Thit an dealg a bhí á gceangal sa bhraillín amach agus thit na leanaí isteach san uisce. 🔊

Frequency index

Alphabetical index